Abhaile
Céad mile fáilte chuig Scoil Éinne, An Spidéal
Is scoil Chaitliceach Gaeltachta í an scoil seo.Tá an scoil suite ar an bpríomhbhóthar cois costa siar ó Ghaillimh. Bíonn go leor turasóirí agus cuairteoirí sa Spidéal i gconaí. Tá go leor eagsúlacht cúlraí ag daltaí na scoile seo chomh maith le daoine a tháining ó thíortha eile.
Cuirtear béim ar fhorbairt iomlán an pháiste agus tógtar gach gné den churaclam san áireamh. Chomh maith leis sin glactar páirt sa scéim nuatheangach, peil, iománaíocht, liathróid láimhe, ceol, damhsa agus drámaíocht.
Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile sa chlós agus sa seomra ranga
Nóta do na scoláirí:
- Bí múinte, deabhéasach i gconaí;
- Bíodh meas agat ar thuairimí daoine eile;
- Bí brodúil as do scoil;
- Deán iarracht páirt a ghlacadh in ocaidí agus imeachtaí na scoile;
- Bíodh meas agat ar nósanna agus ar chultúir eile;
- Bí mór lena chéile agus tabhair tacaíocht dá chéile;
- Bí dearfach faoin saol;
- Bí in am don scoil;
- Tabhair tacaíocht do na muinteóirí agus na tuismitheoirí i gconaí;
- Deán do dhícheall;
- Bí sona mar ní bheidh do leitheíd ann arís.
